Cúinne na Gaeilge

Meán Fómhair 2009

Fáilte thar n-ais a chomhscoláirí agus a mhúinteoirí. I mbliana tá an-chuid rudaí nua ar siúl sa scoil! Tá Cúinne na Gaeilge seo curtha i láthair ag na daltaí féin bunaithe ar eachtraí na scoile agus saol na ndaltaí.

Táimid fíorbhuíoch as an gcabhair ó Bhean Uí Ghríofa agus an príomhoide an tUasal Breathnach..

Cuirimid fáilte roimh ár bpríomhoide nua i mbliana. Is cinnte go raibh mí Lúnasa an-ghnóthach dó ag iarraidh a chinntiú go mbeadh an foirgneamh nua réidh dúinn ag teacht ar ais.

An Forirgneamh Nua

Tá an t-ádh linn go léir maidir leis an bhfoirgneamh nua. Tá seomra ealaíne agus seomra riamhairí nua againn le gach áis nua-aimseartha iontu. Chomh maith le sin tá seomraí ranga nua againn. Tá i bhfad níos mó spás sa scoil do na taisceadáin, do na daltaí, don fhoghlaimeoireacht agus do mhúinteoirí – tá a seomraí féin acu anois!!

Bímid an-ghnóthach i rith an lae ag taisteal timpeall na scoile ach is rud iontach é bheith i seomra atá dírithe ar an ábhar atá faoi láimh agat. Tá na háiseanna ag fheabhsú anseo an t-am ar fad.

Rachaimid ó neart go neart le chéile.

Spórt

Arís i mbliana tá an-suim again i spórt. Tá an fhoireann iománaíochta shinsearacha agus an fhoireann shóisearach tar éis cluiche a imirt faoin am seo. Is léir go bhfuil imreoirí den scoth anseo i Meánscoil na mBráithre Chríostaí. Beimid ag glacadh páirte i gcomórtas Harty i mbliana – Go n-éirí libh leaids!

Anuraidh bhí toradh iontach againn i gcomórtas rugbaí agus is léir i mbliana go bhfuil suim mhór sa rugbaí arís. Beidh an fhoireann sacair ag imirt go luath freisin.

An tIdirbhliain

Cuirfimid fáilte roimh dhaltaí na hIdirbhliana. Beimid ag tnúth le hearraí suimiúla, difriúla agus saor go leor in am cúlú eacnamaíochta seo! Chaith siad trí lá i Locha Ballyhass cóngarach do Mhala i dtús Mí Mheán Fómhair agus d’fhoghlaim siad scileanna foirne éagsúla. Tá siad réidh don bhliain iontach seo atá rompu anois!

Slán agus Beannacht

Gabhaimid buíochas leis an tUasal Ó Cléircigh as ucht a chuid oibre ar son na scoile ar feadh deich mbliana anuas. Tá brón orainn ag fágáil slán air ach is cinnte go mbeidh sé in a phríomhoide iontach i gCill Chainnigh. Go n-éirí leat a Thomáis!!

Fáilte

Cuirimid fáilte ar an tUasal Pádraig Breathnach atá tar éis teacht chugainn ó Ardscoil Rís i Luimneach. Tar éis cúpla lá bhí aithne aige ar na daltaí go léir agus tá caidreamh maith againn leis anois.

Tá tréimhse nua romhainn anois, tá fáilte romhat a Phádraig agus go n-éirí leat mar phríomhoide na scoile.

Go dtí an chéad uair eile!!

Comhairle na nDaltaí Gaeilge

Meánscoil na mBráithre Chríostaí